Join me for an evening of sean-nós dance workshops in the heart of Dublin city this Friday, 16 August 2013.
I’ll be teaching sean-nós dance steps with a modern twist, offering students the opportunity to kick loose and move freely to the music. All are welcome to Club Chonradh na Gaeilge, 6 Harcourt Street, Dublin 2 for a thoroughly enjoyable experience.
The evening will kick off at 6pm with an hour-long intensive workshop for improvers. Participants must have prior experience and should be willing to dance solo. This workshop will cover more advanced reel steps as well as more complex rhythmic ornamentation. €10 admission.
From 7.15pm – 8.45pm I’ll be going back to basics for a beginner’s workshop. Starting with a short warm up to get the heart rate up, this workshop will a provide a basic lesson in traditional rhythm as well as a good physical workout – no prior experience necessary. €12 admission.
Although both workshops will be taught bilingually, participants are not required to speak Irish. Spaces are limited so make sure to reserve a place e-mailing sibeal.davitt@gmail.com. Please arrive 15 mins early to prepare for the class.
Come and step up to the challenge and don’t forget to spread the word!
An bhfuil suim agat sa damhsa ar an sean-nós?
Beidh mé ag reáchtáil ceardlanna damhsa ar an sean-nós ag leibhéil eagsúla cumais Dé hAoine beag seo, 16 Lúnasa 2013.
Cuirfear fáilte roimh chách teacht agus páirt a ghlacadh san oíche mhór a bheidh ar siúl sa i gClub Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 ar 16 Lúnasa.
Cuirfear tús leis an oíche le ceardlann d’fheabhsóirí ag 6 – 7i.n. Ardrang aclaíochta a bheidh i gceist leis seo ina ndíreofar ar chéimeanna níos casta agus ar ornáidíocht rithime. Beifear ag súil go mbeadh na bunchéimeanna ar eolas ag na rannpháirtithe agus go mbeadh muinín acu iontu. Gearrfar €10 an duine don uair an chloig.
Ag 7.15 – 8.45 beidh fáilte roimh ghlanthosaitheoirí teacht agus bunchéimeanna an tsean-nóis a fhoghlaim. Ní gá go mbeadh cur amach ag rannpháirtithe ar an sean-nós roimhe seo ach ba chóir go mbeadh siad toilteanach allas a chur! €12 an praghas a bheidh ar uair go leith.
Ceardlanna dátheangacha a bheidh i gceist agus ní bheifear ag súil le cumas ard Gaeilge. Beidh teorainn le líon na spásanna sna ceardlanna mar sin ní mór r-phost a chur chuig sibeal.davitt@gmail.com le spás a chur in áirithe.