[Leagan Gaeilge thíos]

Due to the amazing turnout I had for both sean-nós dance workshops last week at Club Chonradh na Gaeilge, 6 Harcourt Street, Dublin 2, I’ve decided to run another night this Friday, 23 August 2013, at the same time and venue.

I noticed some serious talent in both classes and would like to explore the steps in greater detail. If you feel you’d like to take a step up from the beginner’s class, I would suggest you give the improvers class a try, even if last week was your first lesson. If you feel you would benefit from a recap of the basic steps, I’d stick to the beginner’s class.

Here are the details:

The evening will kick off at 6pm with an hour-long intensive workshop for improvers. Participants must have prior experience and should be willing to dance solo. This workshop will cover more advanced reel steps as well as more complex rhythmic ornamentation. €10 admission.

From 7.15pm – 8.45pm I’ll be going back to basics for a beginner’s workshop. Starting with a short warm up to get the heart rate up, this workshop will a provide a basic lesson in traditional rhythm as well as a good physical workout – no prior experience necessary. €12 admission.

Although both workshops will be taught bilingually, participants are not required to speak Irish. Spaces are very limited so please make sure to reserve a place by e-mailing sibeal.davitt@gmail.com. Please arrive 15 mins early to prepare for the class.

 

De bharr éilimh mhóir, tá an cinneadh glactha agam tuilleadh ceardlanna damhsa ar an sean-nós a reáchtáil Dé hAoine beag seo, 23 Lúnasa 2013, ag Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Bhí mé an-tógtha le caighdeán ard na ndamhsóirí a bhí i láthair an tseachtain seo caite agus is mian liom na scileanna sin a fhorbairt níos mó.

Seo iad na sonraí:

Cuirfear tús leis an oíche le ceardlann d’fheabhóirí ag 6 – 7i.n. Ardrang aclaíochta a bheidh i gceist leis seo ina ndíreofar ar chéimeanna níos casta agus ar ornáidíocht rithime. Beifear ag súil go mbeadh na bunchéimeanna ar eolas ag na rannpháirtithe agus go mbeadh muinín acu iontu. Gearrfar €10 an duine don uair an chloig.

Ag 7.15 – 8.45 beidh fáilte roimh ghlanthosaitheoirí teacht agus bunchéimeanna an tsean-nóis a fhoghlaim. Ní gá go mbeadh cur amach ag rannpháirtithe ar an sean-nós roimhe seo ach ba chóir go mbeadh siad toilteanach allas a chur! €12 an praghas a bheidh ar uair go leith.

Ceardlanna dátheangacha a bheidh i gceist agus ní bheifear ag súil le cumas ard Gaeilge. Beidh teorainn le líon na spásanna sna ceardlanna mar sin ní mór r-phost a chur chuig sibeal.davitt@gmail.com le spás a chur in áirithe.