Físín ar chur Gavin FitzGerald le chéile dár script nua, Mac a Mháthar.

Baineann ‘Mac a Mháthar’ le scéal Naoise, fear óg, éirimiúil, ina steillbheatha agus é ag obair mar láithreoir teilifíse. Ach faraor, braitheann Naoise ualach cumhachtach ag luí go trom ar a anam agus é go síoraí ag troid lena mhacasamhail, inmheánach, baineann. Iascaire ab ea a athair ach agus cé gur chlis a chorp agus a aigne air sa tseanaois, éiríonn leis a mhac a cháineadh chuile uair a bhíonn deis aige. Cailleadh a mháthair go tragóideach nuair a bhí sé óg agus is cosúil go bhfanann an tragóid leis go fóill mar a bheadh scáth dorcha de shíor á thaibhsiú.

Cuireann Naoise droch-sraith teilifíse i láthair dar teideal, ‘Dúil  sa Damhsa’. De bharr nach bhfuil ag éirí leis an tsraith, cuirtear brú ar Naoise stíl nua láithreoireachta a thriail agus tugann sé faoin dúshlán ar bhealach nach bhfuil siad ag súil leis …

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s